Skip to main content

Content

Language Awareness Training - Oiliúint ar Fheasacht Teanga

 

Oiliúint ar Fheasacht Teanga

Tugann an gearrchúrsa leathlae nó lá amháin seo osradharc ar na himpleachtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí i dtimpeallacht dhátheangach. Tá sé dírithe ar na baill foirne go léir a mbíonn teagmháil acu leis an bpobal, cé acu an mbeifear brath orthu chun seirbhís dhátheangach a sholáthar nó nach mbeifear. Ceaptha chun an fhoireann a chur ar an eolas maidir lena n-oibleagáidí mar aon le hoibleagáidí a n-eagraíochtaí i leith an Achta, tugann sé léargas chomh maith ar na míthuiscintí atá ann maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Déantar an dearcadh agus na steiréitíopaí atá ann maidir leis an nGaeilge agus custaiméirí a labhraíonn Gaeilge chíoradh sa chúrsa seo freisin.

Cuspóirí:
Beidh na rannpháirtithe:

  • Feasach ar na himpleachtaí a bhaineann le soláthar seirbhísí i dtimpeallacht dhátheangach;
  • Eolach ar a n-oibleagáidí agus ar oibleagáidí a n-eagraíochtaí faoin Acht;
  • Curtha ar an eolas faoi ‘dea-chleachtais’ maidir le teangacha i soláthar seirbhíse;
  • Eolach ar mholtaí agus treoirlínte praiticiúla ar chur chun cinn agus éascú an dátheangachais laistigh dá n-eagraíocht.

Cur Chuige Oiliúna
Béim ar fhoghlaim trí phlé agus trí ghníomhaíochtaí éagsúla.

Seirbhísí Gaeilge don Earnáil Phoiblí: Bróisiúr le h-íoslódáil anseo

Tuilleadh Eolais 
Gerry Grogan, Speisialtóir Oiliúna
Teil: 01 – 2403672 Ríomhphost: gaeilge@ipa.ie

 

Language Awareness Training

This short half or one day course gives an overview of the implications of service provision in a bilingual environment. The course is recommended for all staff that interface with the public, whether they will be relied upon to provide a bilingual service or not. Designed to make staff aware of both their obligations and the obligations of their organisation, it also addresses some misconceptions regarding the Official Languages Act.

In addition, the course examines attitudes and stereotypes regarding the Irish language and Irish speaking customers.

Objectives:
Participants will:

  • Be aware of the implications for service provision in a bilingual environment;
  • Understand their obligations and the obligations of their organisation under the Act;
  • Learn about ‘good practice’ in relation to languages in service delivery;
  • Receive suggestions and guidelines on the promotion and facilitation of bilingualism within the organisation.

Training Approach
Emphasis on discussion based learning and activities.

Irish Language Services for the Public Sector: Download brochure here

Further Information 
Gerry Grogan Training Specialist
Tel: 01 – 2403672 Email: gaeilge@ipa.ie

57-61 Lansdowne Road
Ballsbridge, Dublin 4
Tel: +353 1 240 3600
Fax: +353 1 668 9135

Vergemount Hall,
Clonskeagh, Dublin 4
Tel: +353 1 240 3600
Fax: +353 1 269 8644

Registration no: 21087